Don chéad uair, tá podchraoladh de chuid The Doc on One, RTÉ Radio One ar fáil i dteangacha éagsúla, an Ghaeilge ina measc.
Sraith sé eagrán í The Nobody Zone atá á chur i láthair ag RTÉ agus The Third Ear agus is í an craoltóir, Sinéad Ní Uallacháin atá ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá le cloisteáil ar an leagan Gaeilge.
Tomorrow we launch our first podcast series. A collaboration with @the_third_ear the 6-part series will be offered in 5 languages (4 bilingual) - English, Danish, German, Spanish - and a very special Irish language version in association with @RTERnaG #thenobodyzone #afirstforRTÉ pic.twitter.com/ClYEtM2Fzx
— Documentary On One Podcast, RTÉ Radio 1 🎧📻 (@RTEdoconone) February 17, 2020
Beidh an podchraoladh ar fáil ar na hardáin uile, Spotify, Apple Podcasts agus a thuilleadh sna teangacha fad, gach seachtain ar feadh 6 seachtaine ag tosú inniu, Dé Máirt,18 Feabhra.
Is féidir leat níos mó eolais faoin bpodchraoladh agus éisteacht leis an gcéad eagrán anseo.